Seoltar Fógra Athnuachana lena n-áirítear UAP (uimhir aitheantais phearsanta) chugat i mí éaga an diosca chánach reatha (nó i mí éaga an dearbhaithe reatha um neamhúsáid mótarfheithicle).
Is ionann do UAP agus na sé dhigit dheireanacha den Uimhir Deimhniú Clárúcháin Feithicle sa chás go bhfuil cáin á híoc agat ar fheithicil arhláimhe (ar íocadh cáin ina leith roimhe sin)
Is ionann do UAP agus na sé charachtar dheireanacha d'uimhir fonnaidh na feithicle (VIN), a phriontáiltear ar an bhfoirm RF100 nuair a íoctar cáin ar fheithicil úrnua nó ar fheithicil allmhairithe den chéad uair..
Cliceáil anseo chun do UAP a fháil.
Sa chás nach bhfuil an aicme chánach a bhaineann le d'fheithicil liostaithe beidh ort dul i dteagmháil leis an Oifig Mótarchánach áitiúil le fáil amach cad is gá a dhéanamh chun an cháin ar an bhfeithicil a íoc.
Féadfaidh tú cáin ar fheithicil tráchtála a íoc ar líne:
Más den chéad uair atá cáin ar fheithicle tráchtála á híoc agat i d'ainm féin ní mór duit é sin a dhéanamh san Oifig Mótarchánach áitiúil. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an oifig sin roimh ré chun a fháil amach cén doiciméid tacaithe atá de dhíth. Is féidir sonraí teagmhála na hOifige Mótarchánach a fháil trí chliceáil anseo.
Caithfear cáín a íoc den chéad uair san Oifig Mótarchánach. Bunaítear an chatagóir mótarchánach ar fheithiclí den sort seo nuair a íoctar an cháin san Oifig Mótarchánach den chéad uair.
Ní mór cáin a íoc don chéad uair ag d'oifig mhótarchánach áitiúil. Bunaítear an catagóir mótarchánach de Bhus Pobail Óige nuair a íoctar an cáin mótar don chéad uair san oifig mhótarchánach agus trí fhoirm dearbhú Bus Pobail Óige a chomhlánú.
Cuirfimid do dhiosca cánach sa phost chugat laistigh de cheithre lá oibre i ndiaidh duit an t-idirbheart a chur i gcrích ar líne. Más den chéad uair atá cháin ar fheithicil úrnua/allmhairithe á híoc agat cuirfimid an Deimhniú Clárúcháin Feithicle nua (VRC) chugat sa phost freisin.
Má tá aon cheist agat faoin idirbheart seo, bain úsáid, le do thoil, as ceann de na roghanna a leanas:
Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chuig doifig mhótarchánach áitiúil le haghaidh diosca cánach athsholáthair sa chás go bhfuil an bunchóip caillte (m.sh. sa phost), scriosta nó damáiste. Caithfidh tú Foirm RF134 a chomhlánú, í a fháil fianaithe agus stampáilte ag ball den Gharda Síochána, agus í a sheoladh chuig an oifig sin ansin. Tá foirm RF134 ar fáil ag doifig mótarchánach áitiúil nó trí chliceáil anseo.
Sa chás gur cailleadh an diosca sa phost, tá diosca athsholáthair saor in aisce, ar choinníoll go bhfaightear diarratas tráth nach luaithe ná deich (10) lá oibre agus tráth nach déanaí ná tríocha (30) lá oibre ó dháta eisiúna an diosca. Gearrfar táille 6 ar iarratais a fhaightear lasmuigh de na hamanna seo.
Tá treoir Fíordheimhniú Láidir Custaiméirí (FLC) ag teastáil maidir le Seirbhís Íocaíochtaí an AE (PSD2) le húsáid le haghaidh gach idirbheart leictreonach.
Is ceanglas rialála Eorpach é FLC chun calaois a laghdú agus íocaíochtaí ar líne a dhéanamh níos sláine. Comhlíonn an tseirbhís mhótarchánach ar líne, ag www.motortax.ie, le riachtanais na Treorach go hiomláin.
Chun riachtanais FLC a chomhlíonadh, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort fíordheimhniú breise a sholáthar chuig do bhanc d'idirbhirt.
D'fhéadfadh go bhfuil ort an leagan is déanaí de d'aip bhaincéireachta a íoslódáil agus ansin na leideanna ar an aip a leanúint, ag déanamh cinnte fógraí a cheadú, agus go bhfuil d'uimhir theileafóin ceart. Má tá deachaireachtí agat le d'íocaíocht ar ár suíomh gréasáin, ní féidir ach le do bhanc é seo a réiteach.
Mura féidir leat an íocaíocht a chomhlánú le do chárta Víosa/Dochair toisc gur nach féidir leat rochtain bhaincéireacht ar líne/idirlín a fháil, is féidir leat d'athnuachan mhótarchánach a phostáil chuig d'oifig áitiúil mótarchánach. Níl an Roinn seo in ann glacadh le haon íocaíochtaí ar an teileafón/ trí Aistriú an Chiste Leictreonaigh.
Eisítear meabhrúchán ríomhphoist mótarchánach ag tús mhí éaga cánach d'fheithicil. Mura bhfuair tú é, déan seiceáil le dfhillteáin Spam toisc gurbh fhéidir gur bhog do sholáthraí ríomhphoist an ríomhphost chuig an bhfillteán seo.
Bain an seoladh ríomhphoist ón bhosca agus cuir do sheoladh ríomhphoist istigh sa dá bhosca a chuirtear ar fáil; ná roghnaigh seoladh ríomhphoist sábháilte ón roghchlár anuas. Déan seiceáil nach bhfuil aon spásanna ag deireadh seoladh ríomhphoist, cúlspás le deimhniú.
Má tá do sheoladh ríomhphoist le feiceáil i gceannlitreacha ag Céim 2, cliceáil ar Dheimhnigh le do thoil agus bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den idirbheart.
Is san oifig mótarchánach áitiúil amháin is féidir leat iarratas ar aisíocaíocht mhótarchánach a dhéanamh. Ní mór duit Foirm RF120 a chomhlánú, í a fháil fianaithe agus stampáilte ag ball den Gharda Síochána, agus ansin í a sheol chuig an oifig sin. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an oifig sin roimh ré chun a fháil amach cén doiciméid tacaithe atá de dhíth.
Ní mór ar a laghad 3 mhí féilire neamhchaite iomlána a fhágáil ar an diosca nuair a thabharfar suas don Oifig Mótarchánach.
Tá fáil ar Fhoirm RF120 san oifig mótarchánach áitiúil nó trí chliceáil anseo.
Ní gnách go ndeonaítear aisíocaíocht ach amháin sa chás go mbristear an fheithicil (Saoráid Cóireála Údaraithe amháin a dhéanfaidh an briseadh), go ngoidtear í nó go n-onnmhairítear í. Ní dheonaítear í sa chás go ndíoltar an fheithicil.
Tá dhá chóras ann anois faoina mheastar mótarcháin do ghluaisteáin phaisinéirí. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí.
Gearrtar cáin i gcónaí ar fheithiclí tráchtála a ngearrtar cáin orthu go príobháideach ar cc an innill.
Is féidir leat an nasc seo thíos a leanúint feicfidh tú na rátaí mótarchánach le haghaidh feithicle ar leith bunaithe ar aicmiú cánach reatha na feithicle.
De Réir Uimhir Chlárúcháin Na Feithicle
Is féidir leat an nasc seo thíos a leanúint feiicfidh tú na rátaí mótarchánach is bunús measúnaithe don fheithicle.
De Réir Bunús Measúnaithe Na Feithicle
Maidir le feithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair roimh 1 Eanáir 2008, ríomhtar mótarcháin bunaithe ar mhéid innill na feithicle.
Le haghaidh sonraí faoi fheithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair (tír thionscnaimh) idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 cliceáil anseo.
Maidir le feithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair in Éirinn ar nó tar éis 1 Iúil 2008 suas go dtí 31 Nollaig 2020, ríomhtar mótarcháin ar leibhéil astaíochtaí CO2 na feithicle (luach NEDC). Cliceáil anseo le haghaidh na rátaí ábhartha is infheidhme.
Maidir le feithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair ar nó tar éis 1 Eanáir 2021, ríomhtar mótarcháin ar leibhéil astaíochtaí CO2 na feithicle (Luach WLTP). Cliceáil anseo le haghaidh na rátaí ábhartha is infheidhme.
Dearadh an tSraith Tiomána Nua Eorpach (NEDC) ar dtús chun leibhéil astaíochtaí innill ghluaisteáin agus gheilleagar breosla i gcarranna paisinéirí a mheas. Tá an Nós Imeachta Tástála Feithiclí Éadroma Comhchuibhithe Domhanda (WLTP) curtha ina áit.
Le haghaidh sonraí faoi fheithiclí príobháideacha a cláraíodh thar lear den chéad uair (tír thionscnaimh), agus atá iompórtáilte isteach sa tír seo anois, cliceáil anseo
Ar dtús gearradh mótarcháin ar fheithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair (tír thionscnaimh) idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 ar bhonn mhéid an innill. Aistríodh na feithiclí seo chuig an gcóras mótarchánach bunaithe ar CO2 an chéad athnuachan eile (tar éis 1 Iúil 2008) áit a raibh sé tairbheach ó thaobh airgeadais de. Fanann an banda cánach seo leis na feithiclí sin go dtí deireadh a saoil fiú má athraíonn rátaí mótarchanach.
Maidir le feithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair (tír thionscnaimh) roimh 1 Eanáir 2008, agus atá allmhairítear isteach sa tír seo anois, ríomhtar cáin mhótair bunaithe ar mhéid innill na feithicle.
Le haghaidh sonraí faoi fheithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair (an tír thionscnaimh) idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 agus atá iompórtáilteisteach sa tír seo anois cliceáil anseo
Maidir le feithiclí príobháideacha a cláraíodh (tír thionscnaimh) den chéad uair ar nó tar éis 1 Iúil 2008, agus atá iompórtáilte isteach sa tír seo anois, ríomhtar mótarcháin ar leibhéil astaíochtaí CO2na feithicle. Sa chás gur cuireadh luach NEDC na feithiclí ar fáil tráth a cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, gearrfar cáin ar an bhfeithicil ag na rátaí is infheidhme atá ceangailte anseo.
Nuair a cuireadh luach WLTP ar fáil tráth a chláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, gearrfar cáin ar an bhfeithicil ag na rátaí is infheidhme atá ceangailte anseo.
Dearadh an tSraith Tiomána Nua Eorpach (NEDC)) ar dtús chun leibhéil astaíochtaí innill ghluaisteáin agus gheilleagar breosla i gcarranna paisinéirí a mheas. Tá an Nós Imeachta Tástála Feithiclí Éadroma Comhchuibhithe Domhanda (WLTP) curtha ina áit.
Sannfar an ráta mótarchánach is tairbhí ó thaobh airgeadais de ar an gcéad cháin ar fheithiclí príobháideacha a cláraíodh sa chéad sé mhí de 2008 (tír thionscnaimh) agus atá iompórtáilteisteach sa tír seo anois. Fanann an banda cánach seo leis na feithiclí sin go dtí deireadh a saoil fiú má athraíonn rátaí mótarchánach.
Beidh tú faoi dhliteanas mótarchánach má bhaineann tú úsáid as an bhfeithicil in áit phoiblí. Dáiltear dioscaí mótarchánach ar feadh tréimhsí de thrí, sé, nó 12 mhí féilire iomlána.
Mura bhfuil sé ar d'intinn úsáid a bhaint as an bhfeithicil in áit phoiblí ní mór duit dearbhú um neamhúsáid mótarfheithicle a dhéanamh roimh ré.
I gcás feithicil athláimhe (ar gearradh cáin uirthi roimh sin), gearrtar mótarcháin don tréimhse ó thús mí dhíola na feithicle.
Maidir le feithicil úrnua/allmhairithe gearrtar mótarcháin don tréimhse ó thús mí chláraithe na feithicle.
I gcás feithicil athláimhe (ar gearradh cáin uirthi roimh sin), beidh riaráistí mótarchánach dlite ó thús na tréimhse ó thús mí dhíola na feithicle. Maidir le feithicil úrnua/allmhairithe beidh riaráistí mótarchánach dlite don tréimhse ó thús mí chláraithe na feithicle.
Gearrtar riaráistí míosúla ar ráta is ionann agus an deichiú cuid den ráta bliantúil agus foráiltear dóibh in Alt 6 den Acht um Neamhúsáid Mótarfheithiclí, 2013.
Is féidir leat r-phost a sheoladh chuig motortax@transport.gov.ie ag iarraidh go n-eiseofar gach comhfhreagras amach anseo le haghaidh d'fheithicil reatha trí Ghaeilge. Caithfidh d'ainm, do sheoladh agus uimhir chláraithe na feithicle a bhfuil tú ag iarraidh go bhfaighidh tú an comhfhreagras ina leith a bheith sa r-phost. Má athraíonn tú feithicil ina dhiaidh sin beidh ort iarratas nua a dhéanamh ar d'fheithicil nua.